Cuspóir Chairt na Sealbhóirí Ceadúnais
Tá gealltanais an IAA do dhaoine aonair a bhfuil ceadúnas pearsanra eisithe ag IAA acu leagtha amach sa chairt seo. Eisíonn an IAA ceadúnais do phíolótaí, d'innealtóirí agus do rialtóirí aerthráchta
Reachtaíocht
Ceanglaíonn an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 2022 ar an IAA “a luaithe is indéanta tar éis dul i gcomhairle leis an [Fóram Páirtithe Leasmhara Eitlíochta], cairt, ar a dtabharfar Cairt na Sealbhóirí Ceadúnais, a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhlachta ina leagfar amach na caighdeáin rannpháirtíochta a dhéanfaidh an comhlacht le sealbhóirí ceadúnais.”
Baineann an Chairt do Shealbhóirí Ceadúnais le daoine aonair a bhfuil ceadúnas pearsanra acu dá dtagraítear in 1.1, seachas gnólachtaí a bhfuil ceadúnais de chineál eile eisithe ag an IAA acu.
Séanadh dlíthiúil
Ní thabharfaidh an chairt ceart dlíthiúil, níl ann ach gealltanas an leibhéal sin seirbhíse a bhaint amach.