banner-desktop banner-mobile

Cuspóir 

Is éard is sceithireacht ann ná an téarma a úsáidtear nuair a nochtann oibrí ("nochtóir") faisnéis áirithe faoi éagóir, ar a dtugtar "nochtadh cosanta". ). 

Raon feidhme 

Tá Údarás Eitlíochta na hÉireann forordaithe le reacht (U.I. 367/2020) mar chomhlacht chun nochtaí a fháil a bhaineann le: 

  • Gach ábhar a bhaineann le rialáil sábháilteachta Eitlíocht Shibhialta na hÉireann 

  • Gach ábhar a bhaineann le maoirseacht ar shlándáil eitlíochta sibhialta sa Stát. 

  • Gach ábhar a bhaineann le huasleibhéal na muirear ar sheirbhísí aerfoirt agus críochfoirt eitlíochta a shocrú. 

  • Gach ábhar a bhaineann le ceadúnú na trádála taistil sa Stát, lena n-áirítear ceadúnais a dheonú do thionscnóirí turas agus gníomhairí taistil. 

  • Gach ábhar a bhaineann le ceadúnú aerlínte agus ceadú soláthraithe seirbhísí ar an talamh. 

  • Gach ábhar a bhaineann le comhlíonadh fhreagrachtaí an Stáit maidir le comhordú sceidil agus leithroinnt sealanna agus le ceapadh éascaitheora sceidil agus comhordaitheoir sealanna. 

  • Gach ábhar a bhaineann le monatóireacht agus forfheidhmiú sa Stát ar ghníomhartha arna nglacadh ag institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le cearta aerphaisinéirí agus maidir le cúnamh a sholáthar do phaisinéirí a bhfuil a luaineacht laghdaithe. 

Is bealach tuairiscithe neamhspleách agus uathrialach é Údarás Eitlíochta na hÉireann chun faisnéis a fháil agus a láimhseáil ó nochtóirí agus caithfear le gach nochtadh dá réir. Moltar do nochtóirí tuairiscí a dhéanamh don IAA a luaithe is féidir agus ar bhealach iomchuí, agus fios acu go dtabharfar aird dáiríre ar a n-ábhair imní, go ndéanfar imscrúdú orthu nuair is iomchuí, agus go léireofar ar a rúndacht de réir fhoráil An Achta um Nochtadh Cosanta 2014. 

 Caithfidh an fhaisnéis a nochtar éagóir ábhartha amháin nó níos mó a léiriú mar a fhoráiltear san Acht um Nochtadh Cosanta 2014 (“Acht 2014”). Ní mór don nochtóir na ceanglais eile in Acht 2014 a chomhlíonadh freisin chun cáiliú do chosaint Acht 2014. 

Déanann an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 arna leasú leis an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú) 2022 oibrithe san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach agus san earnáil neamhbhrabúis a chosaint ó fhrithbheart má labhraíonn siad amach faoi éagóir san ionad oibre. Tá daoine a dhéanann nochtadh cosanta, dá ngairtear sceithirí uaireanta, faoi chosaint an dlí seo. Níor cheart go gcaithfí go héagórach leo ná go gcaillfidís a bpost toisc go bhfuil nochtadh cosanta déanta acu 

 

Conas Nochtadh Cosanta a Dhéanamh d’Údarás Eitlíochta na hÉireann 

Tá Duine Ainmnithe ceaptha ag an IAA chun nochtadh a fháil. Is féidir nochtadh a dhéanamh le Duine Ainmnithe an IAA trí ríomhphost nó tríd an bpost ag na sonraí teagmhála seo a leanas: 

Oifigeach um Nochtaí Cosanta 

Údarás Eitlíochta na hÉireann 

Foirgneamh The Times 

11/12 Sráid D’Olier, 

Baile Átha Cliath 2 

Ríomhphost: nochtadh@iaa.ie 

Seolfar nochtadh cosanta a dhéantar don Duine Ainmnithe ar aghaidh laistigh den IAA d’fhonn iad a fhiosú, ag teacht le forálacha Acht 2014. 

 Féadfar nochtadh cosanta a dhéanamh ó bhéal, ach ar mhaithe le soiléireacht agus chun míbhrí nó míthuiscint a sheachaint, b’fhearr go ndéanfaí nochtadh cosanta i scríbhinn trí ríomhphost nó tríd an bpost. Má dhéantar an nochtadh ó bhéal, deimhneoidh an Duine Ainmnithe, nuair is féidir, sonraí an nochta, i scríbhinn, don nochtóir gan mhoill mhíchuí. 

Ar iarratas ón nochtóir, is féidir nochtadh a fháil freisin trí chruinniú duine le duine nuair is indéanta, agus laistigh d’achar ama réasúnta agus beidh duine amháin nó níos mó i dteannta an Duine Ainmnithe chun taifead den nochtadh a dhéanamh. Déileálfar le haon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhréir le Beartas Coinneála Sonraí an IAA agus próiseálfar iad de réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí 2018, Rialachán (AE) 2016/679, Treoir (AE) 2016/680 agus Rialachán (AE) 2018/1725. 

Moltar, ar a laghad, go mbeadh na nithe seo a leanas cuimsithe i nochtadh: 

  • go bhfuil an nochtadh á dhéanamh mar nochtadh cosanta 

  • ainm an nochtóra, post san eagraíocht, ionad oibre agus sonraí teagmhála rúnda 

  • dáta na héagóra líomhnaithe (más eol) nó an dáta a thosaigh nó a sainaithníodh an éagóir líomhnaithe 

  • cibé an bhfuil nó nach bhfuil an éagóir líomhnaithe fós ar siúl 

  • cibé acu ar nochtaíodh an éagóir líomhnaithe cheana féin agus más ea, cé dó, cathain, agus cén beart a rinneadh 

  • faisnéis maidir leis an éagóir líomhnaithe (cad atá ag tarlú / a tharla agus conas) agus aon fhaisnéis a thacaíonn leis an nochtadh. 


Nuair a fhaigheann an IAA do nochtadh cosanta: 

  • Admhófar go bhfuarthas do Nochtadh Cosanta laistigh de 7 lá; 

  • Cosnófar d’aitheantas chomh fada agus is féidir, ach d’fhéadfadh go mbeadh oibleagáid ar an IAA d’aitheantas a nochtadh ionas gur féidir imscrúdú ceart a dhéanamh; 

  • Déanfar measúnú tosaigh agus sannfar duine ainmnithe chun imscrúdú a dhéanamh, sa chás go bhfuil fianaise prima facie ann go bhféadfadh éagóir a bheith déanta; 

  • Seans go mbeidh ar an IAA teagmháil a dhéanamh leat chun faisnéis bhreise a fháil de réir mar is gá; 

  • Tabharfar aiseolas duit laistigh de 3 mhí agus ag eatraimh 3 mhí ina dhiaidh sin má theastaíonn / má iarrtar é; 

  • Féadfaidh an IAA cúnamh a lorg agus/nó freagracht as an éagóir líomhnaithe a imscrúdú a shannadh d’údarás áitiúil nó do chomhlacht ábhartha eile. 

Nochtadh Cosanta a Dhéanamh mar fhostaí den IAA 

Nuair a bhíonn Nochtadh Cosanta á dhéanamh acu mar fhostaí den IAA, ba chóir d’oibrithe teagmháil a dhéanamh agus fhaisnéis a bhaineann leis an éagóir ábhartha a thabhairt don Duine Ainmnithe, a ainmneoidh duine nó daoine chun breathnú ar an gceist de réir Bheartas Nochtadh Cosanta (Sceithireacht) an IAA.