banner-desktop banner-mobile
Screenshot 2024-08-19 141022

Tá Córas Bainistíochta Gnó an IAA deimhnithe ag an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) ó 1997. In 2015, d’aistrigh an IAA chuig an leagan is déanaí ar an gcaighdeán ISO - ISO 9001:2015, agus é ar cheann de na chéad soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta san Eoraip a. bhain an deimhniú seo amach.

Tá Bord, Bainistíocht agus Foireann Údarás Eitlíochta na hÉireann tiomanta do Sheirbhísí Aerloingseoireachta agus Rialachán Sábháilteachta a sholáthar a chomhlíonann riachtanais ár gcustaiméirí agus ár gcliant rialaithe ina n-iomláine. 

 Tá sé mar aidhm againn:

  • Na caighdeáin domhanda is airde san earnáil eitlíochta a bhaint amach trí na caighdeáin is airde feabhais a leagan síos agus a bhaint amach sna seirbhísí a chuirimid ar fáil;
  • Caighdeáin oibríochta agus sábháilteachta aerloingseoireachta idirnáisiúnta a chomhlíonadh go comhsheasmhach;
  • Ár seirbhísí a sholáthar ar phraghsanna costéifeachtach;
  • Ár Ráiteas Misin a léiriú trí bheith i mar cheannaire nuálaíochta inár réimse.

 

Cruthóidh Údarás Eitlíochta na hÉireann córas struchtúrtha bainistíochta gnó a dhéanfaidh:

  • Sástacht na gcustaiméirí a chinntiú trí sheirbhísí ar ardchaighdeán comhsheasmhach a sholáthar;
  • Oideachas agus oiliúint iomchuí a a chur ar an bhfoireann;
  • Comhairliúchán rialta lenár gcustaiméirí chun cáilíocht na seirbhíse a chuirtear ar fáil a mheas
  • Cuspóirí a leagan amach agus a athbhreithniú, agus a chloífidh le ceanglais agus a dhéanfaidh a éifeachtúlacht a fheabhsú ar bhonn leanúnach.

Déanann Foireann Cháilíochta an Údaráis gach iarracht chun a chinntiú go gcuirtear na caighdeáin cháilíochta is airde i bhfeidhm ar ár seirbhísí go léir trí chomhlíonadh an chaighdeáin, trí dheiseanna feabhsúcháin leanúnaigh a chur i bhfeidhm agus trí iniúchadh, athbhreithnithe agus comhairliúcháin rialta.