Forbhreathnú agus Misean
Is comhlacht leathstáit tráchtála (Cuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe) é Údarás Eitlíochta
na hÉireann (IAA) agus an t-aon rialtóir eitlíochta sibhialta amháin in Éirinn. Tá an IAA freagrach as sábháilteacht, slándáil agus leasanna tomhaltóirí a rialú. Tá freagrachtaí na cuideachta leagtha amach faoi chreat na reachtaíochta/rialachán domhanda, Eorpacha agus náisiúnta is infheidhme.
I measc na bhfeidhmeanna rialála tá:
- Aerárthaí a chlárú agus a n-aeracmhainneacht leantach a dheimhniú
- Pearsanra agus eagraíochtaí deimhniúcháin a bhfuil baint acu le cothabháil aerárthaí a cheadúnú
- Píolótaí, rialtóirí aerthráchta agus aeradróim a cheadúnú
- Caighdeáin oibriúcháin aeriompróirí a cheadú agus monatóireacht a dhéanamh orthu
- Oibreoirí drón a chlárú
- Rialáil Praghsanna Aerfort Bhaile Átha Cliath agus AirNav na hÉireann
- Comhordú/leithdháileadh amanna a sceidealú ag aerfoirt in Éirinn
- An gnó taistil in Éirinn a cheadúnú
- Aerlínte a cheadúnú agus soláthraí seirbhísí láimhseála ar an talamh a cheadú
- Reachtaíocht AE a bhaineann le Cearta
- Aerphaisinéirí a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus cabhrú le Paisinéirí a bhfuil a Soghluaisteacht Laghdaithe
- Maoirseacht a dhéanamh ar shlándáil na heitlíochta sibhialta
Feidhmíonn IAA de réir na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta is airde atá socraithe ag:
- An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO)
- ComhÚdaráis Eitlíochta Eorpacha (JAA)
- EUROCONTROL
- An Chomhdháil Eorpach um Eitlíocht Shibhialta (ECAC)
- An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA)
- An tAontas Eorpach (AE).
Treoraíonn siad seo an IAA chun a chinntiú go bhfuil eitlíocht shibhialta na hÉireann ag feidhmiú de réir na gcaighdeán sábháilteachta is géire. Tá ról lárnach ag cúrsaí sábháilteachta inár ngnó agus tá gach rud a dhéanaimid ag brath ar shábháilteacht.
Ní fhaigheann an IAA aon mhaoiniú Stáit
Gintear ioncam IAA trí mhuirir agus táillí a ghearrtar ar a chustaiméirí aerlíne agus ó chliaint rialála maidir lena ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus rialála.
Misean IAA
Rialaíonn Údarás Eitlíochta na hÉireann de réir na gcaighdeán gairmiúil is airde d’fhonn timpeallacht eitlíochta atá sábháilte, slán agus dírithe ar an tomhaltóir a chinntiú. Trí rialáil, tacaímid le sár-fheidhmíocht agus le nuálaíocht maidir le heitlíocht na hÉireann agus domhanda.