banner-desktop banner-mobile

Fáilte chuig Údarás Eitlíochta na hÉireann

Is comhlacht státurraithe tráchtála é Údarás Eitlíochta na hÉireann (IAA) a bunaíodh an 1 Eanáir 1994 le seirbhísí aerloingseoireachta in aerspás faoi rialú na hÉireann a sholáthar agus le caighdeáin sábháilteachta laistigh de thionscal eitlíochta na hÉireann a rialú trí:

  • Fhiúntas aeir aerárthaí a dheimhniú agus a chlárú
  • Phearsanra agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu le cothabháil aerárthaí a cheadúnú
  • Phiolótaí, rialaitheoirí aerthráchta agus aeradróim a cheadúnú
  • Chaighdeáin oibriochta aeriompróirí a cheadú agus a fhaire

Treoraíonn caighdeáin sábháilteachta a leagtar síos go hidirnáisiúnta agus a thagann ón International Civil Aviation Organisation (ICAO); European Joint Aviation Authorities (JAA); EUROCONTROL; the European Civil Aviation Conference (ECAC), an European Aviation Safety Agency (EASA) agus an European Union (EU) an IAA ó thaobh a chinntiú go gcomhlíonann eitlíocht shibhialta na hÉireann na caighdeáin sábháilteachta is déine.

Baineann IAA leas as a raon leathan scileanna le soláthar a dhéanamh ar:

  • Thraenáil theicniúil: sa bhaile ag a ionad traenála tiomanta, agus go hidirnáisiúnta ag ionaid chustaiméirí;
  • Sheirbhísí comhchomhairle eitlíochta ar fud an domhain.

Struchtúr Corparáide

Is é an tAire Iompair a cheapann Bord IAA agus bíonn ochtar Stiúrthóirí neamhfheidhmeacha, lena n-áirítear an Cathaoirleach Gníomhach Anne Nolan  agus Príomhfheidheannach Eamonn Breannan.

Oibríonn na 650 fostaí (Rialaitheoirí Aer-Thráchta, Innealtóirí, Oifigigh Raidió. Teagascóirí, Cúntóirí Sonraí, Rialálaithe Sábháilteachta agus foireann Riaracháin) laistigh de shé Rannóg – gach ceann acu faoi bhainistíocht Stiúrthóir Feidhmeach.

Le chéile cinntíonn siad go gcomhlíonann an tÚdarás an ráiteas misin atá aige:

‘Tá Bord agus foireann Údarás Eitlíochta na hÉireann tiomanta rialáil sábháilteachta éifeachtach agus costas-éifeachach ar an tionscal eitlíochta in Éirinn a sholáthar agus seirbhísí aerloingseoireachta sábháilte, éifeachtacha agus costas-éifeachtacha a dhéanann freastal ar riachtanais ár gcuid custaiméirí a sholáthar ar bhonn folláin tráchtála. Tá sé d’aidhm ag an Údarás a bheith mar cheannródaí domhanda ina réimse’

Áiteanna

Feidhmímid ó na háiteanna seo a leanas:

  • Ceannáras Corparáide, Foirgneamh na hAmanna, 11 - 12 Sráid D'Olier, Baile Átha Cliath 2;
  • Ionaid Rialaithe Aer-Thráchta ag Aerfoirt Bhaile Átha Cliath, sa tSionainn agus i gCorcaigh, agus Ballycasey, Co. an Chláir ;
  • North Atlantic Cumarsáide, Ballygirreen, Co. an Chláir;
  • Oiliúint agus Comhchomhairle, Ballycasey, Co. an Chláir.


Oifig Chláraithe: Údarás Eitlíochta na hÉireann, Foirgneamh na hAmanna, 11 - 12 Sráid D'Olier, Baile Átha Cliath 2

Cuideachta Dliteanais Theoranta: Uimhir Chláraithe: 211082: Áit Chláraithe: Ireland Rphost: info@iaa.ie