Fáilte chuig Údarás Eitlíochta na hÉireann
Is comhlacht státurraithe tráchtála é Údarás Eitlíochta na hÉireann (IAA) a bunaíodh an 1 Eanáir 1994 le seirbhísí aerloingseoireachta in aerspás faoi rialú na hÉireann a sholáthar agus le caighdeáin sábháilteachta laistigh de thionscal eitlíochta na hÉireann a rialú trí:
Treoraíonn caighdeáin sábháilteachta a leagtar síos go hidirnáisiúnta agus a thagann ón International Civil Aviation Organisation (ICAO); European Joint Aviation Authorities (JAA); EUROCONTROL; the European Civil Aviation Conference (ECAC), an European Aviation Safety Agency (EASA) agus an European Union (EU) an IAA ó thaobh a chinntiú go gcomhlíonann eitlíocht shibhialta na hÉireann na caighdeáin sábháilteachta is déine.
Baineann IAA leas as a raon leathan scileanna le soláthar a dhéanamh ar:
Is é an tAire Iompair a cheapann Bord IAA agus bíonn ochtar Stiúrthóirí neamhfheidhmeacha, lena n-áirítear an Cathaoirleach Gníomhach Anne Nolan agus Príomhfheidheannach Eamonn Breannan.
Oibríonn na 650 fostaí (Rialaitheoirí Aer-Thráchta, Innealtóirí, Oifigigh Raidió. Teagascóirí, Cúntóirí Sonraí, Rialálaithe Sábháilteachta agus foireann Riaracháin) laistigh de shé Rannóg – gach ceann acu faoi bhainistíocht Stiúrthóir Feidhmeach.
Le chéile cinntíonn siad go gcomhlíonann an tÚdarás an ráiteas misin atá aige:
‘Tá Bord agus foireann Údarás Eitlíochta na hÉireann tiomanta rialáil sábháilteachta éifeachtach agus costas-éifeachach ar an tionscal eitlíochta in Éirinn a sholáthar agus seirbhísí aerloingseoireachta sábháilte, éifeachtacha agus costas-éifeachtacha a dhéanann freastal ar riachtanais ár gcuid custaiméirí a sholáthar ar bhonn folláin tráchtála. Tá sé d’aidhm ag an Údarás a bheith mar cheannródaí domhanda ina réimse’
Áiteanna
Feidhmímid ó na háiteanna seo a leanas:
Tá córas bainistíochta gnó struchtúrtha ag baint leasa as Samhail E.N. ISO 9001:2000 forbartha ag IAA. Agus leas á bhaint as an gcóras sin leagtar síos aidhmeanna intomhaiste, cinntítear oiliúint foirne agus inniúlachtaí, agus tomhastar ár gcuid próiseas agus cuirtear feabhas orthu seasta. Tá an tÚdarás dírithe ar ardchaighdeán sholáthar ár gcuid seirbhísí a chinntiú agus bíonn sé seasta ag féachaint ar éifeachtacht ár bpróisis agus ag aithint deiseanna le feabhas a dhéanamh.
Agus an t-athrú déanta ó E.N. ISO 9002:1994 go E.N. ISO 9001:2000 tá creidiúnú ag an Údarás go dtí an caighdeán nua agus seasann iniúchtaí maoirseachta go rialta. Is é ár gcomhlacht creidiúnaithe Údarás Caighdeán Náisiúnta na hÉireann (NSAI) a dhéanann sin le héifeachtacht ár gCóras Bainistíochta Gnó a chinntiú.
Tá IAA ar an bhfíorbheagán de Sholáthróirí Seirbhísí Aerloingseoireachta (ANSP) atá deimnithe go E.N. ISO 9001:2000 dá gcuid oibríochtaí ar fad. Bíonn an tÚdarás páirteach sa Eurocontrol Excellence Policy Group (XPG) agus sa North European Safety & Quality Management Forum (NSQ).
Tá bainistíocht agus foireann IAA tiomanta a chinntiú go soláthraítear Seirbhísí Aerloingseoireachta agus Rialáil Sábháilteachta a dhéanfaidh freastal iomlán ar riachtanais ár gcuid custaiméirí agus cliant rialáilte. Is é an aidhm atá againn a bheith ar chaighdeán domhanda san earnáil eitlíochta tríd na scothchaighdeáin sna seirbhísí a chuirimid ar fáil a leagan síos agus a bhaint amach.
Teagmháil:
Bainisteoir Cáilíochta Corparáide: Sean McAdam O’Connell
Feidhmeannach Cáilíochta: Martin Gamble
Oifig Chláraithe: Údarás Eitlíochta na hÉireann, Foirgneamh na hAmanna, 11 - 12 Sráid D'Olier, Baile Átha Cliath 2
Cuideachta Dliteanais Theoranta:
Uimhir Chláraithe: 211082: Áit Chláraithe: Ireland
Rphost: info@iaa.ie